School: Drom Dhá Liag (C.) (roll number 12230)
- Location:
- Drimoleague, Co. Cork
- Teacher: Bean Uí Dhrisceoil
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ar an dtaobh thiar theas de Conndae Corchaighe tá críoch nó tuaith ar a dtugtar Corca Laoidhe. Sé an fáth go dtugtaoi an t-ainm sin air ná an cuid ba mhó dhe a bheith in a corrach agus gur treibh de muinntir Lugh Ith a bheith in a gcomhnuidhe ann in ealládh. De réir Anála na gCeithre Máigistrí tháinig Lugh Ith go hÉirinn le Clanna Mileadh timceall 1400 R.C.
Siad teorannta an tailimh sin ná ó abhainn an Neidín san Iarthar go dtí an Bhanndain san oirthear. Níltear deimhinigtheach i dtaobh an teorann thuaidh ach de réir na sean-daoine do lean sé na sléibhte ó Bheanntraighe go dtí Dunmaonmhuighe. Sa críoch mór seo bhí naoi paróistí triochad agus b'iad seo leanas na treabhanna ba thábhachtaighe a chomhnuig ann - Cárthaig, Drisceolaig(continues on next page)