School: Duíbhlios
- Location:
- Deelish, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Duíbhlios
- XML Page 122
- XML “Local Place Names”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ba chóir dhá roinnt do dheanamh díobh seo thúas mar tá go leór diobh i mbealaibh na ndaoine fós cé na tuigtear cad é an brígh a bíonn ortha úaireannta. Síad an da roinnt atá im chuimhne a dhéanamh díobh ná 'aiteanna puiblí - so-fheisgithe, cáileamhla go mbaintear feidhm asta coitcíanta agus áiteanna eile páircanna - cabhlaig [?] na tuigeadh aoinne ca bhfuilid ach amháin muinntir tige amháin no muinntir feirme amháin bféidir.
Rud eile tá cuid des na ainmneachaib simhplide sin le fagháil ins gac aon feirm nach mor - a leitheid seo thíos.Páirc an Tíghe - an páirc ar agaidh an doruis
Páirc an Tobair -
An Ladtorach - áit gan teora go bhfuil sruthan uisge ann.
An Túar (no an Túairín) pairc na mbó ist oidhche.
An Búaille - no pairc an bhuaille - Angl. "Paírc a Whella."
Mointeán
Leaca agus Leacainín - Leaca bhán, Leaca mhor
Faightear so thuas go tuigh agus [?] gur talamh mí codhtromach talamh na h-áite seo bionn a "Leaca" féin ag gach aoinne no a mointeán féin bfeidir agus mar sin.
Tá cuid mhaith des na h-ainmneacha so i bhfeidhmh fós - cé nach labhartar Gaedilg ar bith annso. Sé mo thuairim gur amhlaidh nach fusa bearla do chur ar chuid díobh gan rí-radh mor do-thuigsighte do deanamh. "Leaca" sin an Sloping field - no "Móinteán" - sin "The field in which the turf used to be cut". Is deacra san go mor na "Mointeán" do rádh.(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Deelish, Co. Cork