School: Duíbhlios
- Location:
- Deelish, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Duíbhlios
- XML Page 140
- XML “Ainmneacha Páirceanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá feirm mo athair suidhthe taobh thiar thuaidh de Dromdaliag.
Tá páirc taobh thíar de ár dthigne agus AN LEACA a tugtar uirthi. Tá PAIRC CHATHALÁIN taobh thoir theas dár dtigne agus dúbhairt mo Sheana Mháthair go raibh fear oibre na chomhnuidhe i bothán insan pháirc san dár aimn do Seán OCathaláin Tá TRÁIGH-IDIR-AN-DÁ-ABHAINN taobh thoir dár dtighne is sé an fá go bhfuil an ainm sin uirthi ná go raibh dá abhainn ag rith ar da taobh de'n bpáirc san. Tá CARRAIG AN ÉADAIN (an Éan) taobh thiar dár dtighne Is é an [?] go bhfuil an ainm sin ar an bpáirc san, na go bhfuil carraig mhór na lár. Tá CNOCÁN BÁRR AN GARAIDH / Ghaorthaidh taobh thoir theas dár dthigne is í seo an fá go bhfuil an ainm sin ar an bpáirc san ná go bhfuil sé ar bharr an Ghaortaidh. Tá SEANA GHRAFADH taobh thíar theas d'ár dthigne. Páirc cruaidh iseadh í sin.
Tá páirc eile agus is é an ainm a tugtar uirthi ná páirc na cabhlaighe. Tá PAIRCÍN GIOLCACH taobh thíar theas d'ár dthighne. Ta páirc taobh thuaidh d'ar dtighne agus CLAISÍN NA DTIGHTHE a tugtar uirthi- Collector
- Sinéad Ní Laoghaire
- Gender
- Female
- Address
- Glanaclogha, Co. Cork