School: Tóchar, Dunmaonmhuighe (roll number 7270)
- Location:
- Togher, Co. Cork
- Teacher: Riobárd Mac Peadair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tóchar, Dunmaonmhuighe
- XML Page 088
- XML “Scéal Beag”
- XML “An Bheirt File”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí feirm beag talmhan ag fear uair amháin Ní fheadadh sé í a choimeád agus do dhíol sé í Do chuaigh sé ag obair le feirmeóir annsan Lá agus é ag tiomáint asail tháinig an sagart suas chuige agus ar sisean "An i ndiaidh asail a bhíonn tú anois a Dhiarmuid?"
"Uaireanta bím i ndiaidh agus uaireanta eile bím roimis amach" arsa an duine mar fhreagra.- Informant
- Miceal Ó Chuilleáin
- Gender
- Male
- File a bhí ann uair amháin agus do theastaigh uaidh aithne do chur ar file eile a chualadh sé a bhí ar an aonach gan a thuairisg do chur.
Do chuaidh sé ar an aonach agus fé mar a théigeadh sé ó thig to tig deireadh sé na línte seo: Is bréag agus is glas an sgairt í seo
ós comhair do thighe.
Bhí fhios aige dá mbeadh an file eile ag eisteacht leis go bhfuigheadh sé freagra féileamhail uaidh. Sheas sé ós comhair tighe amhain agus sgaol sé uaidh na línte filíochta mar ba gnáth. Do bhí áthas an domhain air nuair a fuair sé an freagra seo: "Seadh! Ag bagairt(continues on next page)