School: Béal an Chrobháin (roll number 11023)
- Location:
- Ballycrovane, Co. Cork
- Teacher: Tadhg Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal an Chrobháin
- XML Page 297
- XML “Aontaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bíodh aontuíghe ann fadó ná fuil ann anois. Bíodh aontuige ins na h-Aodhraoí agus níl siád ann anois. Biódh ceann ann Lá 'le Seáin agus an tarna lá de Iúl. Geobhaidís níos mó airgid i mBaile Chaisleáin agus annsan ní thagadh aoinne cun an aonaig ins na h-Aodhraoí. Níl aon áit spíasalta ins an baile cun an aonaig acht ceannuightear iád ar thaobh na sráide.
Tugadh leath choróinn nó dhá-scilling as gach beithídheach a dióltar. Fadó ní thugaidís acht sgilling. Tugtar an t-airgead sin don duine a ceannuígheadh an beithídheach. Glaodhtar airgead ratha ar an t-airgead sin. Seo mar a dheineann síad an margadh. Deireann an ceannathóir tabharfhaidh mé £4 duit. An dioltóir: ní tógfhadh é. Tabharfaidh mé ceithre puínt agus deich sgillinge dhuit. Ní dhíolfaidh mé é gan ceithre puínt agus cuíg sgillinge deág. Dein dhá leath den difir. Bíonn síad mar sin ar feadh tamaill agus fé dheire reightígheann síad. Cuireann síad marc eígin ar an mbeithídheach. Bíonn rud gorm ag cuid aca agus cuireann síad march leis orrtha. Daoine eile baineann síad píosa den fionnadh diobh le siosúir. Tarraingeann síad sgián tré chliáthán na muice nó baineann siád piósa den grúaig díobh. Aonach an Fhóghmair an t-aonach is mó a thagann sa bhlián.- Collector
- Eibhlís Ní Sheághdha
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Kilcatherine, Co. Cork
- Informant
- Tadhg Ó Sheághdha
- Gender
- Male
- Address
- Kilcatherine, Co. Cork