School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 291
- XML “Bóithre an Cheantair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An bóthar atá ag teacht anoir go Liath-Choill is ins an mbhliadhan 1898 a deineadh é.
Casán agus cómhngar a bhí ann roimis sin Deineadh bóthar Deire an Chairn san mbhliadhan 1891 Tá an dá bhothair ag bualadh i gcoinnibh a chéile ag Calaphort go nghlaodhtar Zetland Pier air. An t-Athair Mac Dómhnall a fuair airgead i gcóir cuid de bhóthar Liath-choilleach agus dhein muinntir an bhaile féin an cuid eile dhe. Bhí furmhór d'fhearaibh an pharóiste ag obair ar Bhóthar Dhoire an Charn mar déirc do b'eadh é. Bhíodh cailíní leis ag obair air ag tarach scailpeacha nó asair. Ní dheineadh cuid de's na fearaibh a bhí ag obair ar an mbóthar acht a n-ainimneacha a fhreagairt ar mhaidin agus annsan filleadh abhaile chun a ghnó féin a dhéanamh. Bhí fear amháin 'na chómhnaidhe i Liath-choill darbh ainm dó Seán Ua Cruadhlaoich. Bhí ainim airgid air agus dá bhrí sin ní bhfuair sé aon obair ar(continues on next page)- Collector
- Síghle Chruadhlaoich
- Gender
- Female
- Address
- Leahill, Co. Cork
- Informant
- Mícheál Ua Cruadhlaoich
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Address
- Leahill, Co. Cork