School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 333
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- "Imthígheann an spré leis an bhfaill agus fanann an mheidhil ar an mhnaoí."
Sin sean-fhocal a deirtear núair a bhíonn fear réidh chun phósadh agus núair a bhíonn an bhean fachta amach aige agus gan aon spré ag dul leí.
Seo ceann eile - "I dtosach na h-aicíde is fruiste í leigheas" a deirtear núair a bhíonn cneach ar duine agus ar dtúis bíonn sé fruiste í leigheas, acht sa deireadh bíonn sé deacair í leigheas.Seo ceann eile a deirtear núair a fíafruigheann fear ar a chomráidaí dul ar an gcóisre deireann duine eile "Ní i gcómhnuidhe a bheidh Dómhnall Bhuidhe á phósadh agus a chóir aige chuige"."Sgairbhín na gcúach - Fairthainn agus fúacht. Sé an bhrígh atá leis an sean-fhocal sin ná núair a thagann(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ua Súileabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Address
- Coolieragh, Co. Cork