School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 001
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann fadó agus bhí sí in a cómhnuidhe i gComar-Cáin. Aon lá amháin bhí sí ag fághail bháis agus bhí ana trioblóid aigne urithi.
Bhí stocha lán súas d'ór in aice na leapchan aice agus bhí sí ag machnamh conus a thabharfadh sí an t-ór léi go dtí an saoghal eile. Fé dheire do chuimhnig sí ar sheift a dhéanamh chun an t-ór a thabhairt léi. Do ghlaoidh sí ar a chailín aimsire agus dubhairt sí léi sáspan d'fhághail agus é líonadh le h-uisce. Do dhein an cailín amhlaidh agus chuir an bhean an t-ór go léir isteach sa sáspan agus dubhairt sí léi é chur ar an dteine agus gan feuchaint air in aon chor. Ní túisge bhí an bhean as radharc an cailín ná thóg sí an clúdac de'n sáspan agus d'feuch sí isteach.
Nuair a chonnaic sí an t-ór go léir tháinig dúil mór aice air agus do thóg sí amach é agus do chuir sí píosa mór d'ime isteach ann in a ionad. Nuair a bhí sé beirithe do thóg sí de'n teine é agus do chug sí do'n mnaoí é agus d'ól sí é.
Annsan dubhairt sí leis an gcailín aimsire go raibh sí sásta agus fuair si bás.- Collector
- Síghle Ní Mathghamhna
- Gender
- Female
- Address
- Coolieragh, Co. Cork
- Informant
- Séamus Ua Mathghamhna
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 61
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Coolieragh, Co. Cork