School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 002
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá loch i measg na gcnoc i nGleann-Garbh, loch breá[?] iseadh é, Loch na h[?] an aimn ata air.
Deirtear go bhfuil Caisleán breagh istigh san loch agus go bhfuil feirm ann leis. Sé an loch is mó sa Ceathain é. Tá leath an locha dubh mar ní thaithneann an ghrían ann ó Lá Samhna go Lá Bealtaíne. Tá failleacha ós cíonn na locha agus is é an ainm atá ortha na na failleacha dúbha.
Bhí fear ag baint arair ann uair amháin agus d'fhan sé ann tamall na h-oidhche. Bhí sé ag imtheacht abháile nuair a chonnaic sé dhá chean déagh de bhá dubha agus tarbh ag teacht amach as an loch. Tháinig ana uaigneas air, taréis tamaill do chualaidh sé glaodhach coilig trí uaíre Do chaít sé uaidh an arair agus do rith sé abháile chómh mear is a bhí sé na chósa. Tháinig na comharsain[?] isteach ag sghuraidheacht nó ag imirt cártaí mar bá ghnáth. Nuair a bhíodhar tamhall istigh. Do thosnuigh an fear ag innsint a scéil dóibh agus bhíodar ag magadh fé.
Timcheall a deich a clogh san oidhche do bualadh cnag ar an ndoras agus tháinig bean ruadh isteach. Ní raibh aithne ag aoínne uirthi. Lúigh sí isteach chun cluithe cártaí d'imirt. Tháinig sgannradh ar(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Urdail
- Gender
- Female
- Address
- Tooreennagrena, Co. Cork
- Informant
- Péig Bean Ní Urdail
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Address
- Tooreennagrena, Co. Cork