School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 028
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt buachaillí ag teacht abhaile ó'n aonach agus bhí beithidhig ceannuighthe acu. Dubhairt ceann acu leis an duine eile, "Tabhair dom ceann des na beithidhig agus beidh dhá úaire níos mó agam ort. "Ní h-eadh arsan buachaill eile acht tabhair dom ceann des na beithideach atá agut-sa agus beimíd mar a chéile. An mó beithidhig a bhí ag gach buachaill ag teacht abhaile ó'n aonach?
Freagra: 5 beithidhig ag duine acu agus 7 ag an duine eile. Cad é an taobh d'en chupán atá an chlúas?
Freagra: Ar an taobh amuich.Banríoghan Shasana agus Rí Spáine casadh iad ar a chéile tráth. Cuireadh isteach i mála iad is ceangealadh iad le córda. Dá fhreagrótha é sin cuirfhinn fáinne óir id mhéar.
Freagra: PinginCunas atá fear mar a chéile le luch?
Freagra - Bíonn an fear i gcomhnuidhe ag triall chun poll dorcha d'fhágail agus bíonn an luch ag tríall chun poll dorcha d'fhágail leis.Cad é an fear a dhein turas an domhain ar dtúis?(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Mhathghamhna
- Gender
- Female
- Informant
- Séamus Ua Mathghamhna
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Address
- Coolieragh, Co. Cork