School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 049
- XML “Daoine Cáiliúla”
- XML “Daoine Cáiliúla”
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé 'na chómhnaidhe i Léith-choill agus siuinéir a beadh é. Dómhnall Ua Uaithne a b'ainim dó beannacht Dé le na n-anam. Siúinéir cliste do beadh é cé nár fhoghluim sé an ceárd sin riamh. Do dhein sé bfeidhlín dó féin agus bhíodh sé a sheinnt ar fuaid an bhaile. Bhí an bhfeidhlín sin chómh maith le h-aon bhfeidhlín eile.
- Collector
- Síghle Ní Cruadlaíoch
- Gender
- Female
- Address
- Leahill, Co. Cork
- Bhí fear ina chómhnaidhe i nDeirelocha fadó agus sé an ainim a bhí air ná Seán Ua Suilleabháin.
Ana spealadóir do b'eadh é agus bhíodh sé ag baint féar i mBéarra. Bhíodh sé ag baint an fhéar ar feadh an t-Shamhraidh ar a phágh. Bhíodh árd faor aige.
Cuireadh sé an faor chómh maith ar an speil go bhfeadfhadh sé an clúmh a bhaint dá loirgineadh act an speal do chimilt taobh leó. - Bhí fir i Léith-choill fadó muinntir Cruadhlaoich do b'eadh iad. Fir maith rámhaidheacta do beadh iad. Bhídís ag tabhairt móna ar bhádaibh treasna an fhairrge ó(continues on next page)