School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 054
- XML “Duine Cáiliúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear láidir ann fadó agus bhí sé 'na chómhnuidhe i Snámh in aice Beanntraighe. Spealadóir ana mhaith do b'eadh é agus théigheadh sé ó áit go h-áit ag spealadóireacht. Do bhaineadh sé acra go leith i dtrí úaire a chluig agus bhí a ainm ináirde ar fúaid na tíre mara gheall ar a laochas. Aon lá amháin bhí sé ag obair ar a bpágh lae do cheann des na chómharsanaibh. Cheap bean an tíghe go raibh sé ag dul ró mhear leis an spealadóireacht agus do ghlaoidh sí isteach é chun deoch d'ól. Thug sí progóid dó agus nuair a chuaidh sé amach chun an mhóinéir ní fhéadach sé aon obair a dhéanamh mar bhí sé breóidhte. Chuaidh sé abhaile annsan agus bhí sé ar buile. Nuair a bhí sé ag glúaiseacht abhaile do chonnac sé Sagart ar an mbóthar roimis agus bhíodar ag caint. I gcionn tamaill do chuaidh sgata préachán ós a gcionn ináirde agus iad ag sgreadaig. D'fhfiaruig an Sagart den bhfear cad a bhí ar siúbhal acu agus d'fhreagair an fear "Sagart agus Laidin 'na cheann agus a bholg ag damhas le puins".
- Collector
- Cáit Ní Mhathghamhna
- Gender
- Female
- Address
- Coolieragh, Co. Cork
- Informant
- Séamus Ua Mathghamhna
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Address
- Coolieragh, Co. Cork