Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 082
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán (ar lean)
“Bliadhan is lá amáireach ¶ Bhí an t-sráidh seo lán d'fhearaibh”
(ar lean ón leathanach roimhe)II
Bhí sé ar an dtriúr úd a chuaidh go Cíll Coinnig
Ag túnlach Father Peter
Bhí a n-aos a trí fichead
Bhí mo shúil i ndiadih mhí leis
Ac [?] ní tiocfhaidh
Is nách é an triúr bean na h-aonar
Is a céile ar bárr [?].
III
Mo thruagh'sa do mháthairín
Is mo dá thruagh d'athair
Is banaltran na ginní bána
A thál ort id leanbh
Ní earuighim do bhean pósta
Nár luigh riamh leat ar leabaidh
Nuair a h-ann las tú id phóga
Ar do thóramh bhíos ag faire
IV
Na saoirse a dhein an bád úd
A dá lámh go gcrapaidhthe
Mar ní h-iad siúd a bhí ciónta
Acht na stúnta a bhí fairsing
Dá dtéighinn go Cionn t-Sháile
Ag lorg árthaí bhí daortha
Mo dhéan grádh ní bheinn báidhte
Sa dtráig úd Cluain Aonair.- Bailitheoir
- Síghle Ní Cruadhlaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leahill, Co. Cork