School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 112
- XML “Cruatan”
- XML “Cruatan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tháinig bliadhan in Éirinn fadó nár fhás aon phráta agus mar gheall ar sin thánig uireasba ar na daoine an tÉarrach san agus fúair mórán aca bás le hocras agus le haicíd. Bhí bean in Uarlamán Tráfraisc 'na cómhnuighe agus fuair mac léi bás le galar nú le hocras. Bhí sé hocht blíadhna déag d'aois. Do chuir an mháthair bocht an corp ar a drom agus thug sí léi go dtí an cillíneach é agus do chuir sí ann é slán mar a nínnster é. Tímcheall an tam san bíodh deatuighe dá bailiúgheadh. Sé sin caithfadh na daoine an ceathrúghadh punnan dá choirce agus an ceathrúghadh punna dá cruithneact agus an ceathrúghadh cuidh dá prataí d'fhásfadh sa pháirc a thabhairt do Sasana mar a deir an sean fhocal "Cíos don Tighearna nó bíadh don leanbh".
- Tímpeall deich mbliadhna ó shoin bhí beirt buachaillí óga i bhFuircéil Gleann Garbh agus sé an ainm a bhí ortha ná Domhnal Ó Súileamhá agus Mícheál Ó Coingaile. Bhiodh siad ag iascaireacht i gcomhnuidhe. Chuaidh said amach lá ana gharbh agus bhí gálaí troma ann agus d'iompuigheadh an bád agus báthadh na(continues on next page)
- Collector
- Siobhán Ní Loingsig
- Gender
- Female
- Address
- Tooreennagrena, Co. Cork
- Informant
- Seán Ó Loingsig
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- Tooreennagrena, Co. Cork