School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 128
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do chómhnaigh fear i Leithchoill fadó feirmeóir maith do b'eadh é Diarr sé ar chailín ó mhuintear Mháire é phósadh. Sé an freagra a thug sí air ná, ná raibh aon rinnce aige agus ná phósfadh sí féin aoinne acht rinncóir. Do phós sise píobaire agus phós seiseann cailín a bhí tímcheall na h-áite. Tamall na dhiaid sin in am na bprátaí bhí an cistin lán de phrátaí ag an bfeirmeóir so. Is amhlaidh a thugadís na prátaí isteach i rith an lae agus i gcaitheamh na h-oidhche cuiridís in áirde ar lochta an tighe iad. Bhíodh an oiread san prátaí ag an bhfeirmeóir so go gcaithfeadh sé maidí móra a chur 'na sheasamh fé béamaí an tighe mar bhíodh siad ag lúbarnaig leis an gcarn prátaí a bhiodh in áirde ortha. An lá áirithe seo do tháinig bean siubhal isteach chuige. D'aithin sé go maith í. Cad a dhein sé ná léim anáirde ar an gcarn prátaí agus tosnúghadh ar rinnce dó féin. Seo mar a rinncim-se. Do líon sé an mála go barra do phrátaí di mar prátaí a tugtí mar déirc an uair úd. Níor tháinig sí a thuille ag iarraidh deirce air.
- Collector
- Máire Ní Cruadhlaoich
- Gender
- Female
- Address
- Leahill, Co. Cork
- Informant
- Míceál Ua Cruadhlaoich
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Address
- Leahill, Co. Cork