School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 141
- XML “Seancheirdeanna”
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deinidís ughmacha fadó agus seo mar a dheinidís iad. Geidís ceithre bailceanna agus cuiridís ceithre poll ins gach taobh díobh agus curidís rungaí ar thaobh de ar nós dréimre. Cuiridís baidheanna ins an taobh eile. Cuiridís cleitheóga air le slata agus le baidhean a dheinidís é
Deinidís mataí le tuighe agus srathar le adhmad agus bhídís ag tarrach aoighil leó.- Collector
- Conchubhar Ua Urdail
- Gender
- Female
- Address
- Tooreennagrena, Co. Cork
- Informant
- Miceál Ua Urdail
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Sé an t-slíghe a dheinidís trammel fadó ná naoí bpúnt cnáib a cheannach i mBeanntraighe agus é thocrais 'na ceirtlíní beaga Bhí saghas snáthaid aca agus sé an ainm a bhí uirthi ná snáthaid bítála. Do líonaidís le snáth í agus bhí blúire adhmaidh go glaoidís mugal air Cuiridís tairne i gceann fúrma agus greamidís ceann an snáth ar an dtairne agus annsan thornuidís leis an snáthad agus an mugal.
Bíodh an trammel naoi mugal is dachad ar leithead agus tímpeall céad slat ar fhaid. Mná is mó a dheineadh iad. Núair a bíodh an trammel críochnuidhe dathuighdís annsan é le tara. Annsan cuiridís téad le gach taobh de agus corca ar ceann dos na téide agus d'fanadh an téad san ar bharr an uisce. Cuiridís clocha beaga ar an téid eile chun an trammel do choiméad síos fé uisce.(continues on next page)