School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 160
- XML “Na Rudaí atá le Fáil ar an dTráigh”
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)t-uisce thabhairt le n-ól dóibh ar chéalachan ar maidin.
Deinntí dath as an ceann donn. Fásann megioll a ghabhairín ar bharra an trágha. Tá dhá saghas báirnig ann, báirnig glasa mílse agus báirnig móra cuidheacha. Tá tropán go deas le n-ithe fuar beirithe. Tá an múir leathann níos saidhbre chun leasúghadh ná an múir caol Sliogáin dubha agus deilgneacha ionnta iseadh na cuain maradh. Da raghadh dealg acu i gchois nó i lámh duine ba ana dheacair é do bhaint amach mar do réir mar a líonan an taoide bíonn sé ag dul isteach
"raimh" "péacan" "péachan chaipill" "múir caol" "muir leathan" - Seo leigheas do duine go mbeadh gile lag aige nó duine ná fheadfach aon bhiaidh d'ithte. Nóiníni móra do bhaint agus iad a thíormuighadh annsan iad a bheiriúghadh agus an t-uisce bheadh ortha d'ól. Aoine go mbeadh faitinní ag fás air seo leigheas dóibh. Iad a comhaireamh agus an uimhir ceadhna do stríocaí beaga do chuir ar slatín cuileánn agus é chuir isteach in aoileach. Do réir mar a bheadh an slatín ag lobhtha bheadh na faitinní ag imtheacht
Leigheas eile na faitinní do comhaireamh agus an uimhir ceadhna do clocha beaga do chur isteach i sparán. Iad do chaitheamh san áit go mbeadh siubhall daoine. An té óscalóch an sparán ar dtúis is aige san bheadh na(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chruadhlaoich
- Gender
- Female
- Address
- Leahill, Co. Cork
- Informant
- Caitlín Bean Uí Chruadhlaoich
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Address
- Leahill, Co. Cork