School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)faitinní. Nuair a chuiridís gearradh 'na láimh fadó is amhlaidh a chuiridís lán a dhorn do shallan garbh chun an nimh a bhaint as
Dá mbainfead cat nó madara greim as aoine is é an rud a dheanfaidís ná cuid de'n fionnadh do bhaint de agus é dhóigh 'na phúdar annsan é sin a chur leis an gearradh. - Tá dhá saghas feamhnac ag fás ins an bhfairrge, feamhnac dubh agus feamhnac dearg. Múr a thugann síad ar an bhfeamhnach dearg. Tá mórán saghas eile ag fás ann leis mar miobhán, triopán agus cairrigín mas. Tá rud eile ag fás ann agus meigilín na gabhar a thugann síad air agus ní h-aithnuigheann mórán daoine é ón gCairrigín-mas, is dabharachach le céile íad. Tá feamhnac dubh ana úsáideach chun gáirdín do leasúghadh. Tá múr go maith chun leasúghadh leis agus ta leigheas air do réim chómh maith. Beireann síad na préamhacha de go dtí go mbíonn sé bog annsan ceimíluigheann síad an t-uisce de'n réim. Deintear lán de'n Mhúr leis. Tá leigheas ar an uisce a bheiruigheann an miobhán tirm air do leanbhaí a bheadh píastaí ortha. Tá sé folán do gach aoinne chun é ithe. Tá leigheas ar Cairrigin mas do dhuine a bheadh trioblóid ar a h-ucht.
- Collector
- Síghle Ní Súileabháin
- Gender
- Female
- Address
- Tooreennagrena, Co. Cork
- Informant
- Seán Ua Súileabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Address
- Tooreennagrena, Co. Cork