School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)
- Location:
- Trafrask, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Page 298
- XML “Muintir Shúilleabháin Béara”
- XML “Muintir Shúilleabháin Béara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag thógaint na mbó mar cáin ó na ndaoine. Uair amháin nuair a bhí cúpla fear ag thógaint beitdig o'n na ndaoine tainig Dómhnall agus do mhairbh sé íad. Bhí fear eile ann agus bíodh sé ag marbhú na droch daoine. Oídhche amháin dealaig na Sasanaig air agus do crocadar é. Deirtear go raibh an téad le n'ar crocadh é ar gcrann ar feadh alán bliadana in dhíaidh san mar bhí eagla ar gac aoine é do toghaint ar eagla go dtuitfeadh aon bárthan anuas ortha.
- Ba le muinntir Suilleabháin caisleáin Dún Baoí agus dá cuid saighdiúirí. Duine den airm san do beadh Domhnall Cam agus dá síolraide sin iseadh na Súilleabháin go léir ins an paróiste seo. Fathach do beadh Dómhnall cam. Bhí comnaídhe air i [?] Fear ana mhaith do beadh é dos na Gaédheal agus bhí grádh aca san dó. In aimsear Dómhnall Ó Súilleabháin iseadh bhí na Sasanaig ag tógaint na beithídig ó's na feirmeóirí toisc nác feidir leó a cuid cíosa do díol dos na tíghearnaí talmhan. Tagadh an tíghearna ist oídhche agus togadh sé a cuid beitidig uaidh agus cuireadh sé beitidig(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Dubhghaíll
- Gender
- Female