School: Doire Chonaire (roll number 4845)
- Location:
- Derryconnery, Co. Cork
- Teacher: Éamonn de Paor
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chonaire
- XML Page 397
- XML “Lucht Siúil”
- XML “Lucht Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Wallop Down the tay":-
Do bíodh se sin ag bailiú mine agus plúir agus núair a gheobhadh sé déirc siné an paidir a bhí aige:-
"Hail Mary full of grace, Wallop down the té" (tea). - Do bhí fear darb ainm do Tadhg Mac Chraith ag íarraidh déirce shoir sa Rinn Bheathaig i dtig Sheáin Uí Shúileabhain agus núair a bhí sé ag teacht deirneach sa lá dúbhairt Seán Ó Súileabháin leis go raibh sé in am aige bheith ag dul abhaile. "Ó", arsa Tadhg Mac Craith, "nár chuiridh Dia baois ormsa dul go Bóceárna anois." Ba ghearr arís go ndúbhairt Seán Ó Shúileabháin leis dul abhaile mar gurb fhusa do dul abhaile um thráthnóna ná ar maidin. "Is fearr liomsa dul abhaile ar maidin i bhfad" ar seisean. Tháinig an oidhche acht ní raibh aon fhonn imtheachta air agus i gcionn tamaill do bhí supéir ag an líon tíghe agus d'fágadar an fear eile(continues on next page)
- Informant
- Neil Ní Shúileabháin
- Gender
- Female