School: Doire Chonaire (roll number 4845)
- Location:
- Derryconnery, Co. Cork
- Teacher: Éamonn de Paor
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chonaire
- XML Page 441
- XML “Cúram na gCos”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó do bhíodh na daoine tímcheall fiche blíana d'aois sara gcaithfidís aon bhróg. Do bhíodh na leanbhaí cosnochtuithe i gcómhnuidhe.
Núair a níghfidís a gcosa ins an oidhche deiridís nár ceart an t-uisge do chaitheamh amach acht é fhágaint ar an dtaobh chlé de'n dorus agus an ursal do fhágaint ar an dtaobh chlé de'n teinne. Síad na bróga a bhíodh acu fadó na bróga bonn adhmuid. Dheinidís íad san as uachtair seana bhróga agus cuiraidís buinne adhmuid fútha. Ansan cuiridís píosa fonnsa mór-tímcheall ar bhár an bhuinn.
Nuair a bhídís ag dul go dtí an Aifreann thugadiís na bróga leó ar a gcúlaibh agus ansan núair a bhídís i giorracht cúpla cead slat do'n t-séipéal cuiridís na bróga ortha agus núair a bheidís ag teacht amach(continues on next page)- Informant
- Neil Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Address
- Bocarnagh, Co. Cork