School: Scoil N. Mocomóg

Location:
Cappaboy More, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Macháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 170

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 170

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Page 170
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Is breágh an saoghal atá agaib anois" ar seisg...

    (continued from previous page)
    imirt ar an maigistir scoile.
    Ní raibh aon bhaile ag an maighistir scoile mar ní raibh aon bunáit leo, agus thabarfaidís na scoláirí leo abhaile é gach oidhche agus bíodh sé ag foghluim na leanbaí gach aon oidhche. Bhí leabhair bheaga saoire aca agus ní raibh níos mó ná ceathair nú cuigh billeóga ins gach leabhar.
    Is cuimhin liom ar seise go dían maith nuair ná raibh aon doctúir in aon chor i bparóiste Beanntraighe acht "Poppin". Is cuimhin liom na leanbhaí ó Chéim an Fhiaidh go bórd a thíghearna (borlin) ag bailiú go Meall-a-manaig chun na mbolgach do gheárr ortha agus is ann a bhí lán tíghe aca díreach mar a bhaileóchaidís na "scotcheanna" anois. ( [?] )
    Ní raibh aon truachaill ann an uair sin acht srathair is clíabháin agus feircín ar gach taobh den chapall agus bhí an srathair deanta dhen tuighe. Is cuimhin liom go dían maith Donnchadha na leacheanna báine ag tarrach gainimhe ar srathair is clíabháin ó Bhéan-atha-na lice agus ní gádh an clíabhán iompáil in aon chor, mar bhí "gift" aca agus tarraineóchaidís na cipíní agus thuitfeadh an ghainimh síos.
    Ach nuair a tháinig an tae amach ar dtúis bhíodar an-dall timcheall uirthi. Ní raibh ciotal o Bheanntraighe go Céim-an-Fhiaidh ach an cheann a bhí i gCuilneach agus an ceann eile a bhí I Meall-a-mhanaig. Is annsan a bhí tailliúir darab ainm Donnchadh ag obair ag Síle Ní Chuinn. Nuair a bhí na tailliúirí ag dul timcheall ó thig go tig an uair sin agus chifir nác bhfuil an scéal san aca anois. Chuir Síle an t-uisce isteach sa chorcán agus tar éis tamaill bhí sé beirithe. "Cad a deanfaimíd leis a Donnchadha anois" ar seise. "Innseóchad duit anois" arsa Donnchadh. Scág iad tríd an scíothóg anois.
    "Cad a deanfaimid anois" ar seise.
    "Faig spunóg ag ith na duilleóga" ar seisean.
    Tar éis tamaill bhí fhios ag an dtailliúr agus d'íarr sé uirthi gráinne siucra agus braoinín bainne. Bhí fhios ag an dtaillúir connus í d'úsáid agus chuir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Siobhán De Barra
    Gender
    Female
    Age
    92
    Address
    Cappaboy More, Co. Cork