School: Baile Mhúirne (B.) (roll number 15346)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Donncha Ó Buachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (B.)
- XML Page 020
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí lánamha ann fadó, is minic a bhí is beidh airís leis. Ach an lánamha so ní raibh ach aon mac amháin acu, agus rud níos measa ná san amadán ab'eadh an mac.
Sé ainm a tugtaí air ná Tomás Amadáin. Níor dhein sé aon rud riamh a deiredh a athair leis agus gan amhras bhíodh an fear bocht cráidhte buartha uaidh.
Aon lá amhain do chuir a athair go dtí an margadh é le cúpla mála coirce agus b'é an foláramh deireanach a thug sé do Thomás ná nuair a dhíolfadh sé an coirce gan aon mhoill a dhéanamh sa tsráid ach teacht abhaile mar go mbeidís a' treabhadh um thráthnóna.
D'éist Tomás leis an cómhairle ach do liog sé isteach trí cluas é is amach tríd an gcluais eile. D'imthigh Tomás leis(continues on next page)