School: Baile Mhúirne (B.) (roll number 15346)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Donncha Ó Buachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (B.)
- XML Page 106
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Dia linn is Muire is Rígh an domhain linn" arsa bean an tighearna talmhan.
Do labhair an guth istig sa tig sin leis is dubhairt "gan Dia ná Muire ná Rígh an Domhain leat.
Do bhí eagla uirthi dul isteach sa tig san leis agus d'imthig sí léi go dtí an tríomhadh tig. Do chaith sí í féin ar an dtalamh os cómhair an tighe amach.
"Go bhfóiridh Dia orm," ar sise. "Amen, is a Mhuire Mháthair" arsa'n guth istig. Do chuaidh sí isteach go dtí an tig sin.
Do bhí mílte fáilte ag muinntir an tighe sin roimpe. Do bhíodar a' cainnt ar feadh tamaill agus annsan d'fhiafruig sí dhíobh cad é an chúis ag na daoine eile chúiche agus d'innis sí a sgéal dóibh mar gheall ar cad dubhairt na daoine a bhí istig sa dhá thig.(continues on next page)