School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 0478
- XML “An Liathróid Bhán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear ann uair agus bhí mór-sheisiar mac aige agus aon inghean amháin agus do bhíodar ana bhocht ar fad agus ní fhéadfaidís biadh a ndóithin d'fhághail do gach duine aca agus aon lá amháin nuair abhí duine aca cúig bliadhna déag do chuir an máthair amach é ag tuilleamh a bheatha.
Do chuaidh an buachaill isteach i gcoill mór agus do shuidh sé síos ann mar do bhí ana thuirse air. Do bhí sé ansan ar feadh abhfad ag cur is ag cúiteam 'na aigne féachaint cá dtabharfadh sé a a aghaidh.
Fé dheire do thuit a chodladh air agus nuair a dhúisig sé do bhí liathróid bán in aice leis agus do bhí sé ana bheag ar fad. Do thóg sé suas é agus do thosnuig sé ag siubhal airís agus ní raibh sé imthighthe abhfad nuair a chonnaic sé cailín beag tamall uaidh agus chuaidh sé fé dhein na h-áite.(continues on next page)- Collector
- Nóirín Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Age
- 11
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Informant
- Bn. Seáin Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork