School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt fhear ann uair agus do bhíodar ana cárideamhail le 'na chéile. Bhídís in gach spóirt agus in gach acrainn i dteannta a chéile agus ní raibh ach an t-aon beatha [?] eatortha.
Fé dheire do cailleadh duine aca agus níor bfhada 'na dhiaidh san gur cailleadh an duine eile. Do chuireadh an bheirt aca go Purgadóireacht. Bhí tor aitinn ann agus bhí duine aca ar thaobh amháin de'n tur agus bhí an duine eile ar an dtaobh eile ach ní raibh a fhios ag aoinne aca go raibh an duine eile ann.
Aon lá amháin do chuir duine aca gáir as agus d'iarr an fear eile dhe cad 'na thaobh gur dhein sé an gáire san agus dubhairt sé gur rugadh mac mic do indé agus an céad aifreann a déarfadh sé sin go ragadh sé go Neamh agus dubhairt se [?] an aifrnnn de'n fear eile chun go raghadh sé in-aoin-feacht- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Informant
- Bn Sheáin Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork