School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 336
- XML “An File agus A Bhean”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear ann uair agus bhí sé pósta le bean darbh ainm dí Siobhán. Cailín ana óg dobh cadh í. Aon lá amháin bhí sí 'na shuidhe chun a dhinneir. Bhí na prátaí ag beirbhiugh. Bhí an cabaiste beirghighthe ar an seitle agus do bhí baisín de bharra an bhainne bhreágh ramhair chun é a chur ag ollmhú an cabáiste mar b'shin nós abhí aca an uair sin. Nuair bheadh an cabáiste beirbhighthe do chuirfidís an bainne o's a chionn agus 'sé an ainm a ghlaodhaidís air ansan ná cabáistín cnag Pé sgéal é do bhí an bhean so ana leadránach á ollmhú.
Bhí a fear 'na shuidhe ag ceann an búir agus dob' fhada leis go raibh an dinnéar ag teacht cuige. Saghas file ab' eadh e leis. Nuair nách raibh an dínnéar ag teacht do tháinig fearg air agus dubhairt sé mar seo léi:-(continues on next page)