School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 362
- XML “An Fear Santach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear saidhbhir ann uair agus Seán ab' ainm do. Bhí sé ana shanntach agus ní thabharfadh sé oiread agus leath-phingin uaidh. Do bhíodh a dha lámh 'na phóca agus é ag siubhal a' bóthar agus é go mórdhálach agus a bean bocht istig sa bhaile agus í ag obair ar a dhícheall.
Aoinne a labharfadh leis ní fhreagróchahd sé in-aon-chor iad agus do thugadar "Seán coileach mar leas-ainm air. Ní raibh a fhios ag Seán gurb'é sin an ainm abhí air in-aon chor, aon la amháin do bhí sé ag siubhal leis ar an mbóthar agus chasadh fear uime agus dubhairt sé le Seán "conus tá'n tú" ach níor fhreagair Seán in-aon-chor é.
Ansan dubhairt an fear leis "Seán coileach a ghlaodhann na daoine ort anois mar bíonn tu ana mhór leat féin agus ní labhrann tu le h-aoinne eile"(continues on next page)