School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 373
- XML “An Bhean Tincéara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí feirmeoir ann uair agus bhí sé pósta agus bhí triúr clainne aige, beirt mhach agus inghean. 'Sé rud a bhíodh aca gac lá i gcóir an dínnéir ná prátaí agus bainne ramhar agus salann. Aon lá amháin do tháinig bean tinncéara isteach le linn an dínnéir agus 'sé an ainm abhí uirthi ná Mary.
Ar dtúis d'fhiafhruig fear a' tíghe dí cad is ainm dí agus dubhairt sí "Mary dar ndó" Nuair a airig fear a' tíghe é sin do thosnuig sé ag gairídhe agus níor thaithn sé sin leis an mnaoí in-aon-chor agus dubhairt sí leis mar seo "Fill your belly with praties and salt" mar bhí fearg uirthi.
Ní dubhairt fear a' tíghe a thuille léi ar eagla go mbeadh fuil aca, agus ní dubhairt sí sin a thuille ach chómh beag. Ansan d'fhiafruig bean an tige dí an íosfadh sí an dínnéar 'na dteannta agus dubhairt sí go n-íosfadh sí dar ndó. Ní raibh aon béas(continues on next page)