School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 0547
- XML “Na Liathróidí Beaga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear 'na chómhnuidhe i mbéal átha an Ghaor thaidh agus bhí sé ana shaidhbhir agus bhíodh sé i gcómhnuidhe in - aon-fheacht leis an Rígh. Lá amháin chuaidh sé amach agus chonnaic se púca nó rud éigin agus do thug sé trí liathróidí beaga dho.
D'innis sé dho aon nídh a iarrfadh sé ar an liathróid go dtabharfadh sé dhó é agus go bhféadfadh se an namhaid a mharbhúghadh leis agus nuair abhí na focail sin raidthe aige d'imthigh sé as a radharc. Chuaidh sé isteach sa pálás an rígh agus do thaisbeáin sé na liathróidí dho agus d'innis sé an sgéal go léir do.
Bhí namhaid ag an rígh agus dubhairt an rígh go dtabharfadh sé an inghean do dá marbhóchadh sé na namhaid agus do mhairbh sé agus do phós sé an inghean agus do bhíodar go compórdach as san amach.- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Informant
- Bn. Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 67
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork