School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 0693
- XML “An Gréasaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do bhíodh ana bhuidheachas ar gach aoinne air mar do dheisígheadh sé na bróga go maith agus go deas. Ní raibh sé ró saor ná ró dhaor agus do dheisígheadh sé iad do gach saghas duine idir bocht agus saidhbhir, beag agus mór.
Do bhí siopa mór aige leis agus do bhí sé ag díol gach saghas ruda ann. Do bhí sé ag díol té agus siúcre, tobach, min, agus plúr, agus alán rudaí eile mar sin.
Do bhíodh gach an cuid is mó des na daoine ag dul isteach chuige ag cheannach uaidh agus do bhíodh margaidhe breághtha aige leis.
Do bhí sé pósta agus isé an ainm a bhí air a bhean ná Máire Ní Chuíll agus bean mhaith macánta do b-eadh í.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Críodáin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Informant
- Bn Uí Críodáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female