School: Baile Mhúirne (C.)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0336, Page 459

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0336, Page 459

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 459
  3. XML “An Fear agus A Bhean”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Mar gheall air sin do ceap sé na aigne féin cun áit éigin do dhéanamh a coimeádfhad a triúr inghín do.
    Ansan gur mór an suaimhneas do gan iad a bheith istig sa tig roimis an mnaoí nuadh ansan mar bfhéidir ná thaithinfheadh sé leis.
    Dubhairt sé leis féin gur gnáthach clampar idir leas chloinn agus leas mháthair mar níor maith leis féin é sin n-aochor.
    Do bhí sé ag cuimhneamh agus ag cuimhneamh cuimhneamh cuige féin ar cad a dhéanfhadh sé chun iad go léir a chuir isteach ann ansan.
    Ansan ní raibh a fios aige cad a dhéanfhadh sé in-ao'-chor mar ní fhéadfhadh sé cuímhneamh ar aon rud a dhéanamh chun iad go léir a chuir isteach ann leis.
    Ní raibh a fhios pioc ag na ingheanaca leis.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish