School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- XML Page 057
- XML “Béaloideas agus Paidir”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo paidir chun Naom Gobnatan a deirtear nuair a téightear go Baile Mhúirne ag tabhairt dturus.
Go mbeannuighe Dia dhuit a Ghobnait Naomhtha,
Go mbeannuighidh Mhuire dhuit is beannuighim féin duit.
Is chúghat-sa a thánag ag gearán mo scéil leat
Is ag iarraidh mo léighis ar son Dé ort.- Collector
- Máire Ní Shuibhne
- Gender
- Female
- Age
- 11
- Address
- An Tuairín Dubh, Co. Cork
- Tá áit i gcómharsanacht Bhéal-átha-an-Ghaorthaidh agus sé an ainm atá air na Doire na Buairce. Sé an cúis gur tughadh an ainm sin air ná seo:-
Bhí bean ag crúdh bó in aice coille annsan fadó agus bhí buaircín ar an mbuin. D’airigh sí duine taobh thiar di, dfheuch sí agus chonnaic sí firín ana bheag na shuidhe fé chrann agus dubhairt sé léi go raibh sé ag tabhairt aire do phróca óir a bhí fé'n gcrann agus annsan scéinn sé as a radharc. Do bhain sí an buaircín do'n bhuin agus do chuir sí ar an gcrann é chun go n-aineóchadh sí an crann airís.
Nuair a tháinig sí har-n ais i gcionn tamaillín, bhí buaircín ar gach crann róimpe agus níor fhéad sí an t-ór d’fhághail.
Sin fáth gur tugadh Doire na Buairce ar an áit