School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 066

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 066

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 066
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí beirt driothár ’na gcómhnaidhe i gconntae Chorcaighe san áit ar a dtugtar Árd an Leasa. Feirmeoirí ab' ead. Tadg ab'ainm do dhuine aca agus dómhnall ab'ainm don duine eile.
    Do bhí feirm Thaidg ar an dtaobh thuaidh de Abhainn na Banndan agus bhí feirm Dhómhnaill ar an dtaobh theas. Do mharbhuigeadar mart i gcóir na Nodlag agus do dheineadar socrú go ndeanfaí an fheoil do roinnt ’na dhá leath eatortha.
    Ar an bhfeirm thuaidh, feirm Thaidhg, is eadh a marbhuigheadh é agus dubhairt Dómhnall le Tadhg go gcuirfeadh sé garsún cuige lár na mháireach cun a choda féin do bhreith abhaile. “Tá go maith,” arsa Tadg, “gheobhaidh sé é pé uair a thiocfaidh sé.”
    Do ghlaoigh Dómhnall ar an ngarsún maidin lár na mháireach agus dubhairt sé leis an capall a ghleasadh agus dul ó thuaidh agus leath den mhart do bhreith aduaidh ar an dtrucail. Do ghléas an garsún an capall, agus d’imthig sé ó thuaidh treasna na h-abhann chun tíghe Thaidhg.
    Do bhí Tadg ag feitheamh leis ann. Do bhí an mart gearrtha ag Tadg agus do chuir sé leath na feóla ar an dtrucail, agus dubhairt sé leis an ngarsún bheith ag bogadh leis abhaile. Nuair a tháinig an garsún aduaidh agus an fheoil aige, do thug a mháighistir fé ndearra gur choimeád an driotháir an croidhe an t-aé agus t-eireaball, agus neithe eile do féin, agus nár thug
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Ríordáin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Na Curraithe, Co. Cork