School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- XML Page 084
- XML “Caoineadh Dhiarmada Uí Ullacháin - Sagart Paróiste Uíbh Laoghaire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar lasadh gan ghó ’na chló breá naomhta. VI
Ba naofa a bheatha agus ba bhlasta a bhréithre,
Ba chaomh, ba chneasta ’na labhairt, ’na mhéin é.
Ba róbhreá a phearsa ’na sheasamh in éide
Ar altóir bheannaithe ’cur Aifrinn Dé dhe. VII
A Dhia dhil bheannaithe na bhFlaitheas ó léigis
Don bhás é ’shladadh uainn, tabhair gradam is réim cheart
Gan mhoill dá anam sna Flaithis chun plé dhúinn
Ó fhágais dealbh ar thalamh ’na dhéidh sinn. VIII
’na dhéidh atáimíd cásmhar, léanmhar,
Gan chomhairleach breá chun ár gcáis do réiteach,
Do thugadh cabhair don laige gan ’insint d’éinne,
’s dob é ár gcúirt, ár mbreitheamh agus ár gcoiste le chéile é. 1X
Le chéile bhí ’na chroí breá, gléigeal
An fhoidhne fhírcheart, sítheacht ’s féile,
’s an uaisleacht tríothu do thuill clú ’s réim do
I gcúirt, i gcathair ’s gach baile go dtéadh sé. X
Nuair a théadh ’on chathair bhíodh taithneamh ag an gcléir do
Agus ag a Thiarna Easpaig, do thairg breis réim do,
Cé gur dhiúltaigh go banúil an tairiscint chéanna
Mar ba rogha leis mairint ar feadh a bheatha in Uíbh Laoghaire. XI(continues on next page)