School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sa drochshaol fadó – ní miste dhom drochshaol a ghlaoch air sar ar leagadh cíosanna dos na daoine, agus go deimhin féin tá drochshaol ann leis fé láthair anois, ach an uair sin, mar a duart cheana, do mhaireadh na daoine ana neamh chostasúil. Ach bhí na cíosanna ana-mhór.
Do bhí m’athair, lá, thiar anso ar thaoh an bhóthair ag baint giúise agus á bhriseadh. Bhí sé an-achomair don bhóthar san áit go raibh sé, agus toisc bheith ag bualadh agus ag pléascadh ar feadh an lae agus an lathach mórthimpeall ar an gcreachail giúise, bhí gach aon phioc de dubh, salach, smeartha. Do ghaibh daoine éigin an bóthar i gcarráiste – ba mhó go mór le rá carráiste an uair sin ná gluaisteán anois.
Ach chuir duine éigin acu speic air ar aon chuma. Ní fheadarsa ciocu ag magadh fé a bhíodar, nó ad iarraidh bheith ag magadh fé. “Conas tánn tu?” ar seisean. Thóg sé a cheann agus sé seo an freagra a thug sé air:- “Táim,” ar seisean, “go trochailte, giobalach, liobarnach, lópach, an landlord ’om clipeadh is gan(continues on next page)- Collector
- Peigí Ní Mhuimhneacháin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Charraig, Co. Cork