School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- XML Page 175
- XML “Scéal”
- XML “Seanfhocal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Peigí Ní Chéilleachair, Cathair na Catha. Aois - Aon bhliain déag
21-7-’38
Scéal
Do bhí préachán ’na cónaí i gcoill uair agus trí cinn de ghearrcaigh aici. Lá dá raibh sí ag dul amach as an gcoill ag lorg rud le n-ithe bhuail cat fiain léi. “Cá bhfuilir ag dul,” arsa an préachán leis.” “Táim ag dul ag lorg rud éigin le nithe,” ar seisean. “Ná hith mo ghearrcaighse más é do thoil é,” ar sise. “Conas a aithneod iad,” arsa an cat fiain. “Ó, is fuirist iad a aithint,” arsa an préachán –
“is iad na gearrcaigh is deise agus is gile sa choill go léir iad.”
Nuair a tháinig an préachán abhaile fuair sí cleití a cuid gearrcaigh. Do bhí a fhios aici cé a mhairbh iad. Siúd léi go dtí an cat. “Do mharaís mo ghearrcaigh bheaga gheala,” ar sise. “Níor mharaíos-sa ach gearrcaigh dhubha,” ar seisean. “B’iad siúd mo ghearrcaigh bheaga gheala-sa,” arsa an préachán.
Seanfhocal:- Is geal leis an bhfiach dubh a ghearcaigh féin. - Is geal leis an bhfiach dubh a ghearcaigh féin.
- Collector
- Peigí Ní Cheilleachair
- Gender
- Female
- Age
- 11
- Address
- Cathair na Cáithe, Co. Cork