School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó bhíodh na franncaig ag dul ó áit go h-áit na sluaghtaibh. Lá amháin bhíodar ag deanamh isteach ar Bhaile Mhúirne agus dubhairt franncach críona do bhí orta leis an gcuid eile:-
"Gabhaidh go múinte tre Bhaile Mhúirne,
Mar tá droch criú ann mar a cloisim,
Is ró bheag an cúis íarfaidís chúghaibh-se
Nuair a ruagfaidís sibh leis na clocaibh.
Nuair a bhí tréimhse caithte aca i mBaile Mhúirne bhíodar ag cuineamh ar dhul síar go dtí Cúil Aodh acht do labhair an franncac críona arís agus dubhairt sé.
"Ní raghaimíd mar greadadh teine gan bhíadh a bhíonn in iarthar Bhaile Mhúirne."
Annsan bhíodar cun dul ó thuaidh go dtí Gleann Fleisge acht dubhairt an seana franncach arís,
"Gleann Fleisge na gcrann, ball gann, gorta dá mbeithfeá ann go Samhain bheithfeá an t-am san ag trosga," acht cuadhar soir go Magcromtha an áit na cruithneacht agus coirce agus bíadh go leór le fágáil. aca.- Collector
- Peigí D. Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Ladhar na Gaoithe, Co. Cork