School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí buachaill aimsire ann fadó agus ba bhéas aige bheith ag dul ag sgoruídeacht gach aon oidhche. Bhíodh sé ag gabháil treasna cnoc agus é dul ag sgoruígeacht.
Maitúin Ó Céilleachair a bainm do.
Do bhuaileadh saghas sprid uime agus deantús muiche uirthi. Do ritheadh sí chuige gach oidhche agus do ritheadh sí idir a dhá chois. Thogadh sí léi é ar a dhrom agus chaiteadh sí i bpoll uisce nó i bpoll portaig é gach oidhche.
Oidhche dá raibh sé ag dul ag sgoruídheacht.
Do chuir sé air peidre spuir agus d'imthigh sé leis.
Do bhuail sí uime sa chnoc agus do thóg sí léi é.
Do rop Maithiún í chomh maith is dob fhéidir leis é agus sar ar shrois sí aon pholl uisce do chait sí dá drom é agus d'imthigh sí uaidh.
An oidhche na dhiaid san do labhair sí leis. "A Mhaithiún", ar sise "a bhfuil na gearáin ort." "Tar agus triall iad", arsa Marthiún léi agus as san amach ní fheacha sé í a thuille.- Collector
- Máire Ní Liatháin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Goirtín Fliuch, Co. Cork