School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí buachaill ón bparóiste seo ag friotháileamh saor darbh ainm Mícheál Ó Déisigh i bparóiste Dhún Mánmhaí. Bhí an saor ag tabhairt air go seóigh ag magadh fé agus ag magadh fén áit ónar tháinig sé. Duairt an buachaill go bhfaigheadh sé fear ón áit as a dtáinig sé a chiúineodh é. Duairt an fear ná faigheadh, ná sa pharóiste ba giorra dho, a chiúineodh é féin. Chuir an buachaill geall ar son fear darbh ainm Séamas Mór Ó Muimhineacháin. File dob ea é a bhí ’na chónaí i gCarraig na Damhra. Insa gheall bhí ar an buachaill teacht á iarraidh agus do tháinig. Ar a dó dhéag a chlog san oíche do ghlaoigh sé air ag á thigh. Ní raibh aon chóir mharcaíochta ins an am san ach cúrsa a thabhairt de shiúl na gcos agus ar a dó dhéag a chlog lá ar na mháireach do shrois leo bheith theas. Istigh i dtigh tábhairne bhuail an fear seo iompu, Micheál Ó Déisigh. D’fháiltigh sé roimh Séamas Mór Ó Muimhineacháin is do shín sé deoch chuige treasna an bhoird. Le linn na dí a thógaint do Shéamas thosnaigh sé ar an ngnó a thug é:-
“A Mhíchíl, ar seisean, a shaoir ghroí do Dhéiseachaibh,
Chímíd tú in iontaoibh ár léanntuigse.
Do dhroim gill má shuím síos go scéithfeadfsa
Ar cad é aois Chríost agus an mó Rí a bhí ar gach taobh den mhuir,
Cad é an slí a bhíonn sa taoide ag teacht is ag dul,(continues on next page)- Collector
- Peigí Ní Mhuimhneacháin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Charraig, Co. Cork