Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
- Suíomh:
- Macroom, Co. Cork
- Múinteoir: Na Siúracha

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0341, Leathanach 539
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gleann breágh alúinn iseadh Céim an Fiaidh. Tá sé ceithre míle ar an dtaobh thiar de Bheul Átha An Ghaorthaidh. Timpall ceithre míle an fhaid atá ann. Is é an gleann is breághtha i n-Éirinn é. Cuirtear i gcomórtas é le "Pass" atá ins na h-Indiachaibh go dtugtar an "Cadhber Pass air. Tugtar "Cadhber na h-Éireann" ar Gleann Céim an Fiaidh leis. Na failltreacha atá ar gach taobh dhe'n bhóthair táid siad timpall trí céad troigh ar aoirde. Fásann crainn suas dhá thaobh an ghleanna agus is breágh fonnfhuar an áit é sa tsamradh. 'Sé seo cuis go dtugtar Céim an Fhiaidh mar ainm air. Fadó riamh, bhíodh fiadhna ar thaobh an cnuic cómhgarach do'n gleann. Duchaill ainm an chnuic seo. Théidheadh lucht an bhaile ag fiadhach air.
Tráthnóna breágh Fóghmhair bhailigh gasra aca le chéile agus cnósuigheadar le céile cuin. Gluaiseadar leó suas go dtí bárr an chnuic agus dhúisigheadar an fiadh. Thug sé aghaidh síos agus na gadhair ar a thóir. Díreach agus é ag bhruach na faille bhí na gadhair ar a shalaibh. Ní raibh dada aige le déanamh ach tabhairt suas nú léimt. Thug sé léim treasna agus bhí sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gobnait Níc Chárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Codrum, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Maitiú Mach Tuama
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na Tiobratan, Co. Cork