School: Maghcromtha (B.)

Location:
Macroom, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Ó Deasmhumhna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 240

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 240

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maghcromtha (B.)
  2. XML Page 240
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean-sgéal d’airgheas ó m’athair.
    Tímcheall triochad blian ó shoin bhí fear ‘na chomhnuidhe i mBóthar Mheasaí, Mághchromhtha. Cearrbhach do bheadh é aguss da bhíodh sé amuigh go déanach san oidhche. Oidhche áirighthe bhí sé ag teacht abhaile go h-an-dheanach. Bhí sé ag gabhbáil tré pháirc agus nuair tháinig sé go dtí geata na páirc cad a chífeadh sé ach bean ‘na suidhe anáirde ar an ngeata. Thug sé fá n-deara go raibh gruaig ruadh uirthi agus go raibh a súile ar lasadh. Bhí braoinín ólta ag an bfear agus do thosnuigh sé ag cainnt leí. Annsan bhí sé i gcómhacht na mná. Bhí canna aici agus d’iarr sí ar an bhfear an canna do líonadh le h-uisge. Annsan í féin do thógaint ar a bhaclainn thar an srutáine a bhí gairid dóibh agus dá mbeadh aon bhraon de’n uisge dortuighthe aige bheadh air filleadh [?] go dtí an geata arís. Bhí air an t-órdú sin a ghlacadh toisg go raibh sé ‘na cómhacht.
    Gabha do b’eadh an fear sin agus nuair bhíodh sé ag obair bhíodh an bean ‘na suidhe in aice leis. Níor fhéad sé an ruaig do chur uirthi agus níor bhféidir le h-aoinne í d’fheiscint ach an gabha féin. Bhí an fear bocht buailte amach aici mar ní leigfeadh sí dhó aon codhladh do dhéanamh. Tar-éis tamaill chuir sé fios ar sagart agus chuaidh an fear agus an sagart isteach i seómra agus do ghlaoidh an sagart ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamas Ó Luanaigh
    Gender
    Male
    Address
    Macroom, Co. Cork