School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 171
- XML “Ór i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl alán óir i bhfolach tímcheall na h-áite seo, ach tá aon áit amháin go ndeirtear go bhfuil próca óir i bhfolach ann. Tá sé tímcheall céad slat on Glas-Loch, idir Cúr Uí Coimeád agus Árd na dTuras, míle go leith ón sgoil seo. Tá tor san áit agus fé'n dtor tá cloch mór agus fé'n gcloich sin tá an t-ór.
Is le lúrachán é. Bíonn an lúrachán ar an dtor agus aoinne a raghadh ann tímcheall a dódheag a chlog chífidís an lúrachán ar an dtor ós cionn an óir.
Chuaidh daoine ann uair, ag lorg an óir, ach ní bhfuaradar é. Tá solus beag geal, le feiscint ós cionn an toir, gach oidhche tímcheall a dódhéag a chlog. Is minic a chonnac féin é agus mé inaice an toir tímcheall na meádhon-oidhche.- Collector
- Seán Ua Drisceóil
- Gender
- Male
- Address
- Snave, Co. Cork
- Informant
- Seán Ua Drisceóil
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 79
- Address
- Snave, Co. Cork