School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 179
- XML “Bean na Cómhlann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí meithiol móna ag fear tímcheall na h-áite seo uair. Bhí an port ibhfad ón'a thig. Bhí bean an tíghe chun an dínéir a thabhairt go dtí an phort i lár an laé.
Tháinig lár an laé agus ní raibh aon tuairisg ar mhnaoí an tíghe ná ar an ndínéar. Bhí ana ocras ar na fearaibh mar b'fhada ó raibh aon rud le nithe aca.
Bhí cómhla-bhreac, sin mar a bheadh doras deunta de chloich ar thaobh chnuic, as go ndeirtear go noscluigheadh sé uair gach seacht mblíadhan, in aice leó. "Nách mór an trúagh" arsa duine des na fearabh "ná osclóthadh an chómhla breac san feachaint a bhfaighmís ár ndinéar ann".
Ní chreidfeadh fear an tíghe go bhfeadfhadh an cómhla oscailt agus dubhairt sé leis an bhfear a labhair ciall a bheith aige. Le na linn sin do oscail doras na cómhlann agus do sheasaibh bean ag an ndoras agus do ghlaoidh sí ar na fearaibh agus dubhairt sí leó dul isteach agus go bhfaighdís a ndínéir.
Chuadar isteach agus fuaireadar a ndínéair.
Chríochnuigheadar é agus nuair a bhíodar ag(continues on next page)- Collector
- Celestín Ua Ceocháin
- Gender
- Male
- Address
- Coorycommane, Co. Cork
- Informant
- Tadhg Ua Briain
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Coorycommane, Co. Cork