School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 183
- XML “Diarmuid na Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cúpla cead bliadhan ó shoin do cómhnuig tímcheall na háite seo fear dár b-ainm Díarmuid na Sgeal. Ropaire do beadh é agus bé an áit cómhnaidthe a bhí aige ná pluais a bhí istig idir cairigeacha ar thaobh chnoic, agus áit ana dheacair le fághail abeadh í.
Bíodh sé ag robáil na ndaoine saidhbhre agus is minic a bhíodh saighdiúirí Shasana na thóir. Fear ana ghlic do beadh é, agus do imthigheadh sé uatha gan puinn trioblóide gach aon uair.
Do thárla úair gur lean na Sasanaig go dtí a áit cómhnaidhthe é. Bhí eagla ortha dul isteach mar bheadh ortha dul duine ar dhuine agus dfheadfhadh Diarmuid iad do choimeád amach gan puinn duadha.
Ní raibh aon rud le deanamh acu ach fanamhaint go dtí go dtiocfhadh sé amach agus do dheineadar san.
Nuair a tháinig an oidhche do bhí sé ag cuimhneamh ar sheift chun dul uatha. Fé dheire do chuimhnig sé ar sheift. Bhí roth aige sa phluais agus thosnuig sé ar chasóig do chuir tímcheall air. Nuair a bhí sé criochnaighthe thóg sé an roth amach(continues on next page)- Collector
- Riobárd Ua Drisceóil
- Gender
- Male
- Address
- Snave, Co. Cork
- Informant
- Diarmuid Ua Caothlaí
- Gender
- Male
- Age
- 100
- Address
- Snave, Co. Cork