School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 189
- XML “Diarmuid na Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uair amháin dá raibh alán airgid tógtha ag Diarmiuid na Sgeul, do chuir an tíghearna talmhan fógra amach go dtabharfhadh sé suim airgid do aoinne a thabharfhadh ceann Dhiarmuda chuige. D'airig Diarmuid mar gheall air. Fuair sé a chuid airgid agus chuir se isteach i mbróig é agus chuir sé i bhfolach é idir a dhá bhéilic, ceann aca i gCnoc Cúr Uí Laoghaire agus an ceann eile i gCaol an Eidhin. Deirtear go bhfuil an bhróg agus an tairgead istig ann i bhfolach eadhtora fós.
Oidhche áirithe ina dhiaidh san bhí Diarmuid ina chodhladh i dtig i nGleann Garbh. Muinntir a' Gheamhair ab ainm do mhuinntir an tíghe. Theastuig uatha an dioghaltas a fhágail. Ní fheadfhuidís an ceann a bhaint dé an fhaid a bheadh an sgealamhrach a bhí aige air. Bhaineadar an sgealamhrach de agus annsan bhaineadar an ceann de. Nuair a bhíodar ag dul go tig an tíghearna talmhan bhí na daoine go léir ar buile leó mar bhíodh Diarmuid go h-ana mhaith dóibh.
Do chaitheadar uibheacha lobhtha, clocha agus prátaí agus rudaí eile leó agus bhuaileadar(continues on next page)- Collector
- Celestín Ua Ceocháin
- Gender
- Male
- Address
- Coorycommane, Co. Cork
- Informant
- Pádruig Ua hÚrdail
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Address
- Mill Big, Co. Cork