School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 195
- XML “Ní Gearánta Dom”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uair amháin tímcheall cead bliadhain ó shoin bhí muileann shuas i gCúm Theóla in áit dárb b'ainm Mil Big, tímcheall míle ó'n scoil seo. An fear gur leis an muileann bhí sé na chómhnaidhe i gCorcaig.
An uair sin ba ghnáthach corp duine do chaitheamh isteach san muileann sar a gcuirtí ar siubhal é.
Bhí fear aimsire ag an bhfear i gCorcaig agus aon lá amháin thug sé leitir do chun é do thabhairt go dtí an maor a bhí ag tabhairt aire do'n muileann i gCúm-Theóla. Sé an rud a bhí ins an litir ná an buachaill aimsire do chaitheamh isteach sa mhuileann. Ach ní raibh a fhios san ag an mbuachaill agus as go brách leis ar a theachtaireacht. Bhí capall maith aige agus bhí sé ag cuir an bhóthair de go tapaig.
Taréis imeacht leathmhíle dho, do thuit sé de'n chapall agus do briseadh cos leis. Bhí sé ar thaobh an bhóthair ar feag abhfad agus bé an céad duine do tháinig air ná mac a mháistir.
Nuair airig an mac a sgeal dubhairt(continues on next page)- Collector
- Seán Ua Drisceóil
- Gender
- Male
- Address
- Snave, Co. Cork
- Informant
- Seán Ua Drisceóil
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 79
- Address
- Snave, Co. Cork