School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 224
- XML “Rinn an Dísirt”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cupla cead bliadhan ó shoin do chómhnuidh i gCaisleán Rínnadísirt fear dár bainm Eoghan Ó Súileabháin. Úncail do Dhómhnall Cam abeadh é ach do iompaig sé ar thaobh na Sasanach agus tugadh an caisleán san do. Bhí ana ghrán ag Dómhnall d'á úncail agus dubhairt sé leis féin go gcuirfheadh sé deireadh leis.
Oidhche amháin thug sé leis cúpla cead fear i mbád agus do thánghadar i dtír inaice an chaisleáin. Do bhriseadar isteach tré fhuinneóig a bhí ann. Bhí troid bheag eadortha féin agus na saighdiúirí a bhí ins an gcaisleán ach nior lean sé abhfad mar bhí na saighdiúirí a bhí ag Domhnall ró láidir dóibh. Do rugadar ar Eóghan agus do mharbhuigheadar é agus do chuireadar ar an dtaobh amhuigh d'en doras é.
Tá an caisleán ann fós ach níl aon cheann ar chuid de. Tá na fallaí cómh maith agus bhíodar riamh.- Collector
- Riobárd Ua Drisceóil
- Gender
- Male
- Address
- Snave, Co. Cork
- Informant
- Seán Ua Drisceóil
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 79