School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 232
- XML “Cúilín Lomáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Timcheall dachad blian ó sóin bhí feirmeóir bocht na chómhnuighe na aonar sa Chúm. Cia na raibh aige acht feirm fluich fiadhan bhí air cios trom a dhiol le tighearna tailimh na háite, White. Tháinig blian nios measa na chéile air agus ní raibh ar a chumas an cíos do dhiol agus chuir maor an tighearna, Bird a b-ainm do, na baillí chuige agus bhaineadar seilbh na feirme dhe agus chaitheadar é fein amach ar thaobh an bhóthair.
Ní raibh aon áit cómhnuighthe ansann ag an bhfear mbocht acht ag brath ar chómharsanaibh a bhí geall leis cómh bocht leis fein, i dtreó go raibh sé na geilt geall leis sara bhfada. Pé áit na sholáthruig sé piostal do chuaidh sé isteach go Beanntraighe lá agus isteach leis go oifig an mhaoir. Tamall beag na dhiaidh san fuarathas Bird marbh istig san oifig. Bhí rí rá mor i mBeanntraighe an lá san. Ní fheacathas aoinne ag deunamh an gnímh acht bhí na póilíní amhrasach i dtaobh Ceadogáin. Gabhadh air agus tugadh os cóir na cúirte i gCorcaig agus i mBaile Cliath é. Tar éis tamaill fada daoradh chum báis é agus crochadh é.
Cia go bhfuil sé dachad bliadhan ó crochadh é maireann a ainm fós timcheall na háite seo agus cuimhineóchfar go deo ar mar gheall ar an gaisce a dhein seo.- Informant
- Seán Ua hEaluighthe
- Gender
- Male
- Age
- 92
- Address
- Farranfadda, Co. Cork