School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Kilmocomoge, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 275

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 275

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 275
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Do lonuigheadh in aice tighe mháighistir Sheáin fear bocht agus is as an ngoid a dheineadh sé, a mhaireadh sé. Bhí fhios ag an ndligheadóir go mbeadh caoire cómharsan a thabhairt abhaile ag an bhfear so oidhche áirighthe agus bé an ceud teasg a thug sé do Sheán ná an chaoire do bhaint de'n ghaduidhe. Bhí Seán i ndeire na preibe le scannradh ach ambasa nior bhfada gur chuimhnigh sé ar sheift. Thug sé leis dhá bhróig fé na ascail agus nuar airigh sé an foghluí ag teacht chaith sé ceann ar a chasán. Annsan d'imthigh sé leis tamall maith ó'n áit sin agus chaith an tarna bróg uaidh ar an gcasán le hais crainn. Ar teacht don ghaduithe ar an gcéad bróig do phioc sé anios í agus dubhairt sé go ndeunfadh si bróg dheas dá gharsún acht nárbh aon mhaith ceann gan peire. Chomáin sé leis go dtáinig go dtí an tarna ceann, annsan bhí sé á mhallachtú fein nár thug sé an ceud ceann leis. Bé rud a dhein sé na an chaora do cheangail de'n chrann agus filleadh ar an mbróig. Ní túisge imthighthe é na gur scaoil Seán an chaora agus thug abhaile leis í.
    Bhí an dligheadóir an bhuidheach do Sheán agus ní baoghal na go bhfuair sé beile maith an oidhche sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmuid Ua Caochlaí
    Gender
    Male
    Age
    100
    Address
    Snave, Co. Cork